

Clár simplí cainte le daoine iontacha gan uabhar. Leagann an tsraith seo méar ar chuisle na hÉireann. Tá bua ar leith ag Máirtín Tom Sheáinín, cuireann sé a chuid aíonna ar a gcompord agus faigheann siad deis scéal a mbeatha a insint ar a mbealach féin.
Tá Máirtín sa gcúlráid chun an cuntas a stiúradh go ciúin stuama. Is iad muintir na hÉireann ábhar an chláir seo. Cé go bhfuil próifíl phoiblí agus aithne mhaith ar fud na tíre ar chuid de na haíonna an séasúr seo, is ar ghnéithe eile dá saol a bheidh siad ag trácht le Máirtín.
I measc na gcainteoirí breátha a bheidh páirteach sa tsraith leis, beidh an t-iarfheisire Eorpach Seán Ó Neachtain, Máire Harrington, Donncha Mac Fhionnlaoich TD, Éanna Ní Lamhna agus Gearóid Ó Catháin, an leanbh deireanach a rugadh ar an mBlascaod Mór.




Is é an t-aisteoir Éamonn Draper a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar chlár na seachtaine seo.
Labhraíonn Éamonn faoin áit ar thosaigh sé ag foghlaim a cheirde, sa Loft i gCo. Chorcaí. Roimhe sin chaith sé seal san arm.
Ghlac sé páirt i go leor cláracha teilifíse, ar nós The Riordans, The Running Mate, Ros na Rún, agus iliomad drámaí stáitse ó shin i leith.