SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

SCEIDEAL - DÉ SATHAIRN, 04.09.2010

 
DÉ DOMHNAIGH  •  DÉ LUAIN  •  DÉ MÁIRT  •  DÉ CÉADAOIN  •  DÉARDAOIN  •  DÉ hAOINE  •  DÉ SATHAIRN
06:00   France 24
Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras.
07:30   Cúla 4 na nÓg
Cláir den scoth ar Cúla4 na nÓg.
07:31   Elmo Anseo
08:00   Ni-Hao-Kai-Lan
08:35   Dive Olly Dive!
08:49   Ozie Boo
08:50   Sandra The Fairytale Detective
09:10   World Sport
Seó spóirt seachtainiúil ina mbeidh buaicphointí agus aicsean ó chomórtais spóirt éagsúla chomh maith leis an nuacht spóirt is déanaí le profíl ar imreoirí agus ar bainisteoirí agus ina gcaithfear súil chun cinn ar chuid de na himeachtaí móra spóirt a bhíonn ar siúl ar fud an domhain.
09:40   GAA 2010
Buaicphointí CLG an deiridh seachtaine ó Chluichí Craoibhe Sinsir agus Mionúir na gCúigí sa Pheil, Cill Dara v An Dún sa cluiche leathcheannais sinsir agus Gaillimh v Corcaigh sa chluiche leathcheannais mionúir. Buaicphointí chomh maith na gcluichí leathcheannais sinsir agus idirmheánacha i gCraobh TG4 i bPeil na mBan.
10:40   All-Ireland Darts Championship
Buaicphointí Bhabhtaí Ceathrú Ceannais na bhFear i gCraobhchomórtas Dairteanna na hÉireann as Óstán Springhill Court i gCill Chainnigh.
11:10   Aussie Rules
Buaicphointí an 22ú babhta de Shraith Peile na hAstráile ina measc Adelaide Crows v St Kilda, Hawthorn v Collingwood, Geelong Cats v West Coast Eagles, Richmond v Port Adelaide, Fremantle v Carlton, Melbourne v North Melbourne, Brisbane Lions v Sydney Swans agus Western Bulldogs v Essendon.
12:10   Seó Spóirt
Déanfaidh Dara Ó Cinnéide agus a chuid aíonna anailís ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann.
13:00   Peil na mBan Beo
Craoladh beo ar Chluichí Leathcheannais i gCraobh TG4 i bPeil na mBan: Dún na nGall v Longfort agus Ciarraí v Tír Eoghain as Baile Uí Mhatháin, Longfort. Á chur i láthair ag Gráinne McElwain. Cé a bheidh ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh an 26ú Meán Fómhair?
13:40   An Aimsir Láithreach
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.
13:45   Aifric (OS)
Bíonn an Fhírinne Searbh: Bíonn ríméad ar Sophie nuair a chuireann an buachaill álainn nua, Daithí Dathúil, ceist uirthi dul amach leis. Airíonn Aifric go bhfuil neamhaird á dhéanamh uirthi go dtí go bhfaigheann sí amach nach bhfuil Daithí Dathúil leath chomh deas is a cheapann daoine.
14:15   Ponc
Caith seal le Máire Treasa & le Colmán chun an t-eolas agus na léirmheasanna is deireanaí a fháil, duaiseanna a bhuachan agus chun bualadh le haíonna speisialta.
14:45   Pop 4
Seó cairtcheoil na hÉireann leis an 30 singil is fearr á chur i láthair ag Eoghan Mac Diarmada as an O2 i mBaile Átha Cliath. Na físeáin ceoil is fearr, agallaimh le réalta mór le rá, léirmheasanna ar scannáin agus ar albaim, ceol beo sa stiúideo ó bhannaí ceoil as Éirinn agus beidh na 10 ceirnín is fearr i gcairt na n-albam, luach €150, le buachaint.
15:45   Peil na mBan Beo
Craoladh beo ar Chluichí Leathcheannais i gCraobh TG4 i bPeil na mBan: Longfort v Dún na nGall agus Ciarraí v Tír Eoghain. Á chur i láthair ag Gráinne McElwain. Cé a bheidh ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh an 26ú Meán Fómhair?
17:00   Rugbaí Beo
Craoladh beo ar an gcluiche idir Connacht agus Newport Gwent Dragons sa chéad bhabhta de Shraith Magners ón Sportsground i nGaillimh. Is é Gearóid Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta.
19:27   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
19:30   Nuacht TG4
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.
19:45   Rún na hÁilleachta (OS)
Gearrtha agus Cíortha: Sa chlár seo, scaoilfear na rúin a bhaineann le háilleacht na mban. Pléifear an difríocht a bhaineann le cúrsaí gruaige i dtíortha éagsula agus i gcultúir éagsúla.
20:45   An Aimsir Láithreach
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.
20:50   Gossip Girl
Tagann Nate agus Chuck le chéile in iarracht cabhrú le Serena agus Blair a bheith mór le chéile arís. Bíonn Dan trína chéile agus é ar intinn ag Olivia an scoil a fhágáil chun dul ag obair ar scannán.
21:40   Adharca Fada (OS)
Nuair a bhíonn Colm ag cur cóir leighis ar chapall rásaíochta insíonn muintir McGinty d’iriseoir fiosrach é, iriseoir a fhaigheann amach faoi chúlra Dan.
22:10   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
22:15   Scannán - The Fast and the Furious: Tokyo Drift
(2006) Aicsean: Is iad Lucas Black, Damien Marzette agus Trula M. Marcus na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Justin Lin. Bíonn Sean Boswell, déagóir a bhfuil a thuismitheoirí scartha óna chéile, ag iarraidh ainm a dhéanamh dó féin i rásaíocht sráide atá mídhleachtach. Nuair a fhaigheann na póilíní greim air ag rásaíocht tugann siad rogha dó tréimhse a chaitheamh sa phríosún nó bogadh thar lear chun cónaí in éineacht lena athair i Tóiceo. Bogann Sean go Nippon agus tar éis tamaill castar Twinkie air, leaid as Meiriceá, a bhfuil suim aige féin i rásaíocht.
00:10   Peacaí Neelo (OS)
Cearrbhachas: Sa chlár deiridh den tsraith seo, breathnaíonn Niall McDonagh ar shaol an chearrbhachais. Caitheann sé am ag ráschúrsa na madraí in éineacht le geallghlacadóir agus le daoine atá an-chaifeach.
00:40   Vampire Diaries
Tá Stefan ag súil go n-éireoidh leis fáil réidh le Damon agus socraíonn sé rudaí a insint do Elena faoina shaol. Faigheann Bonnie comhairle óna seanmháthair.
01:30   South Park (OS)
Maidin amháin nuair a éiríonn muintir South Park faigheann siad amach nach féidir leo an idirlíon a úsáid níos mó. Cloiseann Randy go bhfuil seans ann go bhfuil sé fós ar fáil i gCalifornia agus bogann sé ann lena theaghlach.
02:00   France 24
Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras.
06:58   Deireadh Craolta / Closedown
(TS) English subtitles on teletext (OS) English subtitles on screen (GS) Irish subtitles on teletext
 

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER