SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPORÁIDEACH - BUNEOLAS

 

Cainéal náisiúnta teilifíse is ea TG4 a bunaíodh mar eintiteas reachtúil neamhspleách ó 1 Aibreán 2007 (Teilifís na Gaeilge). Tá an cainéal ag craoladh ó Oíche Shamhna 1996.

Féachann beagnach 800,000 duine ar an gcainéal gach lá. Tá scair náisiíúnta fhéachana 3% den mhargadh teilifíse aige. Is é an clársceideal laethúil Gaeilge, sé uair an chloig sa ló, croí na seirbhíse. Tá clársceideal d'ábhar i dteangacha eile mar thaca leis.

Infheistíonn TG4 os cionn €20m sa mbliain i gcláracha nua Gaeilge ón earnáil neamhspleách léiriúcháin in Éirinn. Cothaíonn an caiteachas seo 350 post i gcomhlachtaí beaga príobháideacha ar fud an oileáin.

Tá clársceideal laethúil Gaeilge do pháistí agus do dhaoine óga ag TG4. Cuireann Cúla4 agus Síle scoth an ábhair siamsaíochta ar fáil agus is pointe teagmhála taitneamhach tarraingteach iad don Ghaeilge i gcomhthéacs atá iomlán éagsúil ó chomhthéacs na scoile.

Tá TG4 ar an togra Gaeilge is dearfaí agus is airde próifíl ón Rialtas le caoga bliain. Tá tacaíocht ag an togra ó gach Rialtas agus ó gach páirtí polaitiúil ó 1992.

Tá aitheantas náisiúnta agus gradaim agus duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte ag cláracha TG4. Tá siad ceannaithe ag craoltóirí thar lear freisin.

Thuill cláracha ceoil, faisnéise agus clúdach spóirt an chainéil moladh ar leith do TG4. Tá cáil ar leith ar a shobaldhráma Ros na Rún agus ar an tseirbhís shainiúil ó Nuacht TG4.

Admhaítear go bhfuil TG4 ar cheann de na cainéil teilifíse is éifeachtaí costas san Eoraip.

Tá tábhacht ar leith leis an bhfostaíocht ardscile a chothaíonn TG4 sna Gaeltachtaí. Tá an tseirbhís ar cheann de na hinfheisteoirí is mó agus is tábhachtaí do thodhchaí na Gaeltachta.

Tá maoiniú reatha €32.25m do TG4 leagtha síos ag an Rialtas do 2010. Tá ioncam fógraíochta ag an gcainéal agus díolann sé cláracha freisin.

 

Cinntíonn sceideal an chainéil - agus Nuacht TG4 ach go áirithe - go bhfuil rogha féachana, malairt léargais agus ardán do thallann nua ar fáil.

Dearbhaíonn taighde ghairmiúil go bhfuil TG4 ag sásamh a chroí lucht féachana sa nGaeltacht agus ar fud na tíre mar aon le bheith ag mealladh lucht féachana níos leithne.

Tá foireann 80 duine, ó gach cearn d'Éirinn, fostaithe ag TG4 ina Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara.

Craoltóir seirbhíse poiblí is ea TG4. Beochraolann sé imeachtaí Dháil Éireann gach maidin Céadaoin agus Déardaoin. Beochraoltar Coistí tábhachtacha Dála ó am go chéile.

Tá dualgais agus feidhm TG4 (Teilifís na Gaeilge) leagtha síos san Acht Craolacháin 2009. Naonúr comhaltaí atá ar an mbord agus is sé Peadar Ó Cuinn iarUachtarán CLG atá mar Chathaoirleach. Is faoi scáth RTÉ a bunaíodh TG4 agus a d'fheidhmigh sé 1996-2007. Sa ré nua, leanfar leis an soláthar clár 365 uair an chloig sa mbliain a fhaigheann TG4 ó RTÉ, ar neamhchostas do TG4, faoi mar atá leagtha síos san Acht Craolacháin.

Tá cearta eisiacha in Éirinn ar roinnt de mhórchomórtais CLG ag TG4 mar aon le cearta ar roinnt de cluichí i Sraith Sacair na hÉireann, craobh leadóige Wimbledon agus an Tour de France.

 

 
TG4
WebTV
TG4
 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER