SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

CORPARÁIDEACH - BORD TG4

 

Bunaíodh Teilifís na Gaeilge mar eintiteas neamhspleách reachtúil ar 1 Aibreán 2007. Is faoi scáth RTÉ a bunaíodh an cainéal ar dtús agus a d'fheidhmigh sé 1996-2007. Tá dualgais agus feidhm TG4 (Teilifís na Gaeilge) leagtha síos i Roinn VI den Acht Craolacháin 2001. Naonúr comhaltaí atá ar bhord Theilifís na Gaeilge. Is é Peadar Ó Cuinn, iarUachtarán CLG, atá ina Chathaoirleach. Is iad seo a leanas comhaltaí TG4:

  • Peadar Ó Cuinn (Cathaoirleach)
    Fear gnó agus comhairleoir bainistíochta as Fear Manach. Stiúrthóir ar an Quinn Group. Iar Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael. Iarbhall de Choimisiún Paráideanna Thuaisceart Éireann.
  • Pól Ó Gallchóir (Ardstiúrthóir)
    Chuaigh sé i mbun oibre le RTÉ mar Iriseoir i mBaile Átha Cliath i 1980. Ceapadh é ina Cheannaire ar Raidió na Gaeltachta i 1994 agus tá sé i gceannas TG4 ó Mhí Aibreán 2000. Is as Gaoth Dobhair ó dhúchas é agus tá sé ina chónaí i nGaillimh ó 1994.
  • Regina Uí Chollatáin
    As Leitir Ceanainn ó dhúchas. Léachtóir Nua Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tráchtaire rialta sna meáin Ghaeilge.
  • Joe Connolly
    Fear gnó as Gaillimh. Réalt iomána lena chontae dúchais agus captaen ar fhoireann 1980 a bhuaigh Craobh na hÉireann. Cathaoirleach ar Mheitheal Oibre CLG ar Mhíúsáid Drugaí agus Alcóil.
  • Pádraig Mac Donncha
    As Gaeltacht Ráth Cairn i gCo na Mí. Oibrí pobail agus gníomhaire teanga. Bunaitheoir agus bainisteoir Chomharchumann Ráth Cairn. Iar Chathaoirleach ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta.
  • Bríd Ní Neachtain
    Aisteoir. As Ros Muc i nGaeltacht na Gaillimhe ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath le fada. Is iomaí dráma agus scannán déanta aici, ina measc Cré na Cille agus Dancing at Lughnasa.
  • Eilís Ní Chonnaola
    Múinteoir as Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe atá anois ag teagasc i nDúiche Sheoigheach. Gníomhaí Pobail.
  • Feargal Ó Sé
    Múinteoir Náisiúnta atá ag teagasc ina cheantar dúchais i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Imreoir agus traenálaí aitheanta peile. Ball de theaghlach cáiliúil Ard a' Bhóthair.
  • Méabh Mhic Ghairbheith
    Múinteoir atá lonnaithe i dTeilinn i nGaeltacht Dheisceart Dhún na nGall. Speisialtóir san aosoideachas. Gníomhaí in obair fhorbartha phobail.
  • Méadhbh Nic an Airchinnigh
    Corcaíoch atá i mbun Ph.D i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na Éireann, Gaillimh. Chaith sí tréimhse ag múineadh Gaeilge sna Stáit Aontaithe Mheiriceá ar Scoláireacht Fulrbright. Spéis sa cheol agus sa spórt.
  • Rónán Ó Coisdealbha
    Eagraí Spóirt TG4. Tofa mar ionadaí ar an mBord ag foireann de réir fhorálacha an Acht Craolacháin 2009 agus ceaptha ag an Aire.
 
 
Peadar Ó Cuinn
Peadar Ó Cuinn
Pól Ó Gallchoir
Pól Ó Gallchóir
Regina Uí Chollatáin
Regina Uí Chollatáin
 
 
Joe Connolly
Joe Connolly
Pádraig Mac Donncha
Pádraig Mac Donncha
Bríd Ní Neachtain
Bríd Ní Neachtain
 
 
Eilís Ní Chonnaola
Eilís Ní Chonnaola
Feargal Ó Sé
Feargal Ó Sé
Méabh Mhic Ghairbheith
Méabh Mhic Ghairbheith
 
 
Méadhbh Nic an Airchinnigh
Méadhbh Nic an Airchinnigh
Rónán Ó Coisdealbha
Rónán Ó Coisdealbha
 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER