






Cuirfear tús leis an dara sraith FEIRM FACTOR, 10 gclár ar TG4 ar an Déardaoin 14 Eanáir 2010.
Craoladh an chéad shraith bliain ó shin, sraith nuálaíoch inar cuireadh dáréag feirmeoir ó chúlraí éagsúla in iomaíocht le chéile féachaint cé aige/aici a bhí an raon scileanna, acmhainn ghnó agus seasmhacht choirp agus intinne chun an duais mhór a bhuachan.
Is í Maura Derrane an láithreoir agus tig léi a bheith báúil nó dian de réir mar a oireann don ócáid. Is iad Alan Dukes, iar Aire Talmhaíochta agus eacnamaí agus Seán Ó Lionáird, feirmeoir as Corcaigh, na moltóirí.
Beidh léargas breise ar fáil ar an oiliúint atá ar fáil d'fheirmeoirí óga na tíre faoi láthair mar go dtabharfaidh na cláracha éagsúla sa tsraith cuairt ar na Coláistí éagsúla Talmhaíochta ar fud na hÉireann lena linn. Is anseo a chuirfear na tascanna éagsúla ina láthair agus is anseo a chaithfidh siad a gcuid suáilcí a léiriú do na moltóirí ach beifear ag tabhairt cuair ar láithreacha speisialta eile freisin.
Measfar cumas agus scil na n-iomaitheoirí le raon tascanna, trialacha, ceisteanna agus dúshláin eile. Beidh díol agus céannacht i gceist, scileanna ríomhaireachta, fál cosanta agus teorann a thógáil, miotalóireacht, scileanna tarracóra agus meá agus luacháil ainmhithe. Más áil leat cur le do thuiscint ar fheirmeoireacht an lae inniu in Éirinn, bí ag faire ar na cláracha seo.
Déardaoin @ 9.30pm,
Athchraolta Dé Sathairn @ 7.15pm
