





Is scéinscéal osnádúrtha é Na Cloigne, a bhaineann le lanúin óg, Seán agus Nuala, a tharraingítear isteach i ndúnmharú uafásach, brúidiúil, beirt chailíní óga.
Is péintéir den scoth í Nuala, a bhfuil teagmháil as an ngnáth aici leis an Domhan Eile, tríd an mbua ealaíonta atá aici. Tá a caidreamh le Seán faoi bhrú mór mar go raibh sé mídhílis di le déanaí le bean áitiúil, Áine.
Oíche amháin agus é súgach tugann Seán beirt bhan óg dhathúil abhaile i gcomhair cúpla deoch tar éis bheith sa teach ósta. Dúisíonn an ragairne Nuala agus, tar éis argóna fíochmhar le Seán, imíonn sí léi sa charr agus í bhfeirg le héad. Dúisíonn Séan lá arna mhárach agus a chuid éadaí báite i bhfuil agus gan aon chuimhne aici ar céard a tharla an oíche roimhe sin...


clip - generic.mp4 - 5.9 MB - Íoslódáil


Ar ionsaitheoir gan trócaire a mharaigh na mná óga, ar maraíodh iad le teann éada nó an bhfuil baint ag fórsaí osnádúrtha leis na heachtraí uafásacha seo?
Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara.
Tá Na Cloigne lonnaithe i mbaile an Chloiginn i gConamara, áit atá beo le hachrainn teaghlaigh, éad agus fórsaí dorcha an oilc. Níl ach corr dhuine a fheiceann an méid atá i bhfolach istigh i gCoill an Chloiginn.
Tá neart d'aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne. Ina measc tá Dara Devaney agus Siobhán O'Kelly i bpáirteanna Sheáin agus Nuala, le Barry McGovern i bpáirt an Cheannfoirt a thagann i gcabhair orthu.
I measc na n-aisteoirí eile mór le rá atá le feicéil sa tsraith tá: Macdara Ó Fatharta, Joe Steve Ó Neachtain agus Áine Ní Dhroighneáin.