

GACH DÉARDAOIN @ 23.45


Julian Casablancas, Grizzly Bear, The XX, Passion Pit, Delorentos, Marina and the Diamonds agus Speech Debelle, níl ansin ach cuid de na haíonna a bheidh le feiceáil agus le cloisteáil ar an gclár nua ceoil seo.
Sraith nua i ndeich bpáirt é 'CEOL AR AN IMEALL' ina mbeidh lón anama de haíonna beo agus agallaimh a shásóidh goile an leantóra ceoil is díochrachtaí. Is í Una Mullaly, iriseoir leis an Sunday Tribune, a chuirfidh an clár i láthair. Tá deich mbliana caite ag Una ag scríobh faoi chúrsaí ceoil agus níl aon teorainn leis an dúil atá aici i bhfuaimeanna náisiúnta is idirnáisiúnta araon.
Beidh sain-agallaimh le cuid de na hainmneacha is mó i gceol indie maraon le físeáin ceoil Éireannach agus idirnáisiúnta i ngach eagrán. Taobh leis na míreanna seo beidh rogha de scoth na mbannaí Éireannacha le feiceáil ag casadh ceol beo sa stiúideó; ó roc go pop, avant-garde electronica go dioscó, indie go dhornán de na fonnadóirí agus cumadóirí is cumasaí sa tír.
Thaifead daoine nua agus daoine atá thart le píosa seisiúin don sraith Ceol ar an Imeall ina measc; Adrian Crowley, Heathers, Delorentos, Channel One agus Bitches With Wolves. Léiríonn an bhéim seo ar cheol atá ag teacht chun cinn sa tír seo cé chomh láidir is atá an ceol in Éirinn faoi láthair fiú ar an imeall.