


Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.
Sa chéad chlár, buailfimid le Sarah Ghriallais, amhránaí aitheanta as teaghlach ceolmhar i Muiceanach idir Dhá Sháile i gConamara.
Insíonn sí d’Antaine faoin na hamhráin is fearr léi...
1. Eleanór a Rún
2. Co. Mhaigh Eo
3. Táilliúr a' Mhagaidh
4. Póg Bhideog

Sheolfainn fhéin na gamhna leat Eleanóir na rún
Is ort a bhím ag smaoineamh, tráth a mbím ar mo shuan
'S a ghrá don tsaol 's don chéad searc 's tú is deise ná Ban Éireann
'S a bhruinneallín deas óg 's tú is deise is milse póg
Ach chúns a mhairfeadh beo beidh gean agam ort
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat, Eleanóir na rún.
Bhí bua aici go meallfadh sí na h-éanlaith ón gcrann
Is bhí bua eile aici go dtógfadh sí an corp fuar ón mbásBhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé, sí grá mo chroí is mo chéad searc'S a bhruinneallín deas óg, 's tú is deise is milse póg
Ach chúns a mhairfeadh beo beidh gean agam ort
Mar is deas mar sheolfainn na gamhna leat, Eleanóir na rún.
An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú Eleanóir na Rún
Nó an aithneofá an té nach gcáinfeadh thú, a chuid don tsaol 's a stór
Ó tiocfaidh mé is ní fhanfaidh mé
Is maith d'aithneoinn an té nach gcáinfeadh mé
'S a bhruinneallín deas óg, 's tú is deise is milse póg
ach chúns a mhairfeadh beo, beidh gean agam ort
Mar is deas mar sheolfainn na gamhna leat, Eleanóir na rún.

