


Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.
Is é Josie Sheáin Jeaic as Carna, Co. na Gaillimhe a bheas ar chlár na seachtaine seo.
Labhraíonn Josie le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr leis...

A Bhuinneáin Bhuí bhocht, sé mo thrua do luí thú
Agus tá tú reoite faoi bhun na dtonn.
Tá do ghob is do scornach ar dhath an óir bhuí
Is do bhéilín ró-dheas faoi leaca lom.
Dá gcuirfeása scéala fá mo dhéinsa
Rachainn go d'fhéachaint dhá uair roimh a' lá
'gus bhainfinn fhéin géimneach as leaca loch Éirne
Nó go bhfliuchinn do bhéilín is do chroí i do lár.
Ní bó ná gamhna atá mé a' chaoineadh
An londubh an chéirseach ná an t-éinín glas
Ach an buinneán buí bocht le go dtug mé gnaoi dhó
Is go mba cosúil liom fhéin é a shnú is a dhath
Mar bhíodh sé i gcónaí ag síor-ól na dí
'Gus deir siad go raibh mé amhlaidh seal
Ach deamhan deoir gá bhfaigh mé nach scaoilfeadh mé siar é
Ar eagla is go bhfaighinnse bás le tart.
'Gus dúirt mo bhean liom ligean don ól
Nó nach mairfinn beo ach seal beag gearr
Séard a dúirt mé léi go raibh sí bréagach
Mar go m'fhad ar mo shaol-sa an deoch úd fháil.
'S nach bhfeiceann sibh fhéin an buinneán buí bocht.
A chuaigh agus a d'éag leis an tart ar ball.
Ach a chairde Gael, ólaigí a bhfaighidh sibh
Mar deor ní bhfaighidh sibh tar éis a mbáis.

