Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.
Sa gclár seo, buailfimid le Gearóidín Breathnach as Gaoth Dobhair.
Insíonn sí d’Antaine faoin na hamhráin is fearr léi...
1. Thíos i lár an Ghleanna
2. Caitlín Triall
3. An Droighneann Donn

Thíos i lár an ghleanna, tráthnóna beag aréir
Agus a' drúcht 'na dheora geala 'na luí ar bharr an fhéir,
'Sea casadh domhsa an ainnir ab áille gnúis 'gus pearsa,
'Sí a sheol mo stuaim 'un seachráin, tráthnóna beag aréir.
Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín 'gabháil síos an gleann aréir,
Ag éalú fríd an chanach agus ciúnas ins an spéir,
Órú, a rún mo chléibh, nár mhilis ár súgradh croí 's nár ghairid,
Ós a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir.
Do chiabhfholt fáinneach frasach, do mhalaí bhán, is do dhéad,
Do chaolchoim álainn mhaiseach agus glórthaí caoin' do bhéil,
Do bhráid mar chlúmh na heala, do shúil mar réalt' na maid'ne
'Gus faraor gur dhual dúinn scaradh, tráthnóna beag aréir.