SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ

AMHRÁIN IS ANSA LIOM - ÉAMON Ó DONNCHADHA

 

ÉAMON Ó DONNCHADHA

divider

Éamon Ó Donnchadha

divider

Buailfimid le amhránaithe sean-nóis a labhróidh le Antaine Ó Faracháin faoi na hamhráin is fearr leo, faoin áit a bhfuaireadar iad agus an fáth go dtaitníonn siad leo.

Is é Éamon Ó Donnchadha as Baile Átha Cliath ach atá ina chonaí i gCo. na Mí a bheidh ar chlár na seachtaine seo.

Labhraíonn Éamon le Antaine faoin a suim sna hamhráin agus faoi na hamhráin is fearr léis...

 1.   Róisín Dubh  
 2.   Donnchadh Bán  
 3.   Máirín Staunton  

 

RÓISÍN DUBH

divider

Is fada an réim a lig mé léithí ó inné go inniu
Siúl sléibhte i mo chadhain aonraic ní raibh aon neach eile liom
Loch Éirne chaith mé go léim í cé go mba ard a bhí a sruth
Ó tá m'anam gléigeal ligthe i léig a'am le mo Róisín Dubh.

Ó is a Róisín ná bíodh brón ort ná cás anois
Tá do dheartháir ins an nGearmáin 's tá a thriall thar muir
Tiocfaidh do phardún ón bPápa 's ón Róimh uilig
Ó ná spáráil fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Dá mbeadh seisreach agam is deas a threabhfainn in aghaidh an chnoic
Dhéanfainn seanmóir ar an altóir mar a hordaíodh dhom
Thabharfainn póg nua don chailín a lig a h-óige liom
Ó dhéanfainn cleas deas ar chúl an easa le mo Róisín Dubh.

Beidh an Éirne ina tonnta tréana 's beidh an spéir ina fuil
Beidh na bráithre bána ag tíocht thar sáile le cabhrú linn
Bhí small ort nó gur shanntaigh tú an t-óg fhear glé
Ó cuirigí anonn í sula ndamnóidh sí na h-oird uilig.

divider

Roghanna

 
FÉACH AR TG4 BEO ÉIST AR MP3 ÍOSLÓDÁIL NA FOCLA ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER